Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Londain:- ag obair i dtolláin fosta | 00:02:15 | |
Tháinig sé na bhaile agus d’oibir sé i mBaile Átha Cliath sa Richmond Hospital ar feadh bliana. Bhí athrach mór ar an bhaile anois- lár na seascaidí. | 00:01:34 | |
D’oibir sé cúpla bliain in Óstán Ros Na Binne ar na Dúnaibh ag teagasc galf. | 00:01:13 | |
Bhí saol crua acu san am sin, tá na daoine i bhfad níos boige anois ná mar a bhí. A chuimhne ar bhád Dhoire agus an méid daoine óga a bhíodh ag imeacht ar imirce agus ba chrua an saol a bhí rompu. Ní raibh mórán foghlamtha ag na daoine agus iad ag imeacht ach oiread. Bhí am maith go leor acu nuair a bhí siad thall in Albain. Na ‘Camps’, an áit ar fhan na h-oibrithe a bhí sna tolláin. Ba cearrbhachas an caitheamh aimsire is mó a bhí ag oibrithe na dtolláin. ‘Crown and Anchor’ D’éiríodh corr racán agus thosaíodh an troid fosta faoi airgead. Chaitheadh na fir léir airgid ag an chearrbhachas. | 00:08:55 | |